Baint Amach Torthaí
Caithfimid anois níos mó ná riamh a áirithiú go ndéanfar athruithe chun feabhais ar shaol na mbocht agus i bpobail bhochta de thairbhe gach cent a chaitear ar chúnamh thar lear. Oibríonn Cúnamh Éireann go dlúth le comhpháirtithe d’fhonn a áirithiú go n-oibrímid ar bhealaí éifeachtacha agus, níos tábhachtaí ná sin, trína mbaintear torthaí amach.
Dréim le torthaí níos fearr
Ionas gur féidir linn a bheith cinnte go bhfuil ár gcúnamh ag obair go maith, déanaimid é a bhainistiú go cúramach agus tabharfaimid breithiúnas ar chomh maith is atá ag éirí leis trí fhéachaint ar an tionchar atá aige ar shaol na mbocht. Tháinig fianaise chun solais sna 1990í, d’ainneoin go raibh an pobal idirnáisiúnta ábalta a fheiceáil go raibh roinnt cásanna ann a raibh tionchar maith ag an gcúnamh orthu, níor baineadh amach mar sin féin cuid mhaith den fhorbairt a rabhthas ag súil leis i dtíortha bochta
Ina theannta sin, faighimid treoir ó roinnt comhaontuithe idirnáisiúnta lárnacha atá dírithe ar cháilíocht an chúnaimh a fheabhsú.
Agus bainimid leas as ár mballraíocht ar an gCoiste um Chúnamh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (An Stiúrthóireacht um Chomhoibriú Forbartha) chun beartas a phlé agus dea-chleachtais maidir le héifeachtacht cúnaimh a shainaithint. Ciallaíonn sé sin go bhfuil ár gcúnamh dea-bhainistithe, trédhearcach, cuntasach agus, níos tábhachtaí fós, go mbaintear torthaí amach leis.
Dearbhú Pháras maidir le hÉifeachtacht Cabhrach
Leagtar amach i nDearbhú Pháras maidir le hÉifeachtacht Cabhrach, arna chomhaontú in 2005 ag Éirinn agus ag ár gcomhpháirtithe forbartha, prionsabail agus gníomhartha atá deartha chun cáilíocht an chúnaimh agus a héifeachtacht a fheabhsú.
De thoradh sin, táimid ag obair ar bhonn níos dlúithe le rialtais sna tíortha comhpháirtíochta; ag tacú lena dtosaíochtaí, ag cuidiú leo córais riaracháin náisiúnta a fheidhmiú agus a fheabhsú agus ag cuidiú leo cuntasacht i leith saoránach i dtíortha deontóra agus faighteora a fheabhsú maidir le torthaí an chúnaimh.
Clár Oibre Accra le haghaidh Gnímh agus Comhpháirtíocht Busan
Ag cur leis an gcur chuige seo, rinneadh tuilleadh forbartha trí Clár Oibre Accra le haghaidh Gnímh 2008 agus Doiciméad Comhpháirtíochta Busan 2011 agus comhaontaíodh na gníomhartha atá de dhíth ar an bpobal idirnáisiúnta d’fhonn cáilíocht an chúnaimh a fheabhsú agus torthaí níos fearr a bhaint amach le haghaidh daoine atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht.
Cuireadh feabhas ar ár gcláir d’fhonn comhsheasmhacht a áirithiú leis an ‘gcleachtas is fearr’ atá leagtha amach sna comhaontuithe sin agus d’fhonn a áirithiú go bhfuil ár gclár cúnaimh ar an gcaighdeán is airde.
Clár cúnaimh den scoth
Tugaimid go dáiríre faoinár n-oibleagáidí intíre agus idirnáisiúnta maidir le cuntasacht. Agus de thairbhe sin, tá ár gclár cúnaimh aicmithe arís agus arís eile mar chlár den scoth.
Tá aitheantas idirnáisiúnta againn as dea-chleachtas maidir le héifeachtacht cúnaimh a chur chun cinn. Léirítear é sin in Athbhreithniú Piaraí 2009 ar chomhoibriú forbartha na hÉireann arna dhéanamh ag an Stiúrthóireacht um Chomhoibriú Forbartha de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta, inar cuireadh síos ar Chúnamh Éireann mar ‘champion in making aid more effective.’
Déanann an Stiúrthóireacht um Chomhoibriú Forbartha de chuid na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta agus dreamanna nach iad monatóireacht ar ár bhfeidhmíocht. Aicmítear Éire i measc na ngníomhaithe is fearr maidir le héifeacht a chur le cúnamh sa Suirbhé Monatóireachta 2011 ar Dhearbhú Pháras.
Ár gcur chuige i gcleachtas
Ciallaíonn sé sin go ndearnamar cur chuige maidir lenár n-obair féin agus maidir le hobair ár gcomhpháirtithe a fhorbairt, agus é á chur chun feidhme againn i ngach céim den phróiseas pleanála agus forfheidhmiúcháin, trína ndírítear ar thorthaí agus athruithe a chur i gcrích i saol daoine bochta.
Mar áis chun cuidiú linn obair sa tslí sin, d’fhorbraíomar creat le haghaidh pleanáil straitéiseach, le haghaidh riosca a bhainistiú, le haghaidh dul chun cinn a fhaire, le haghaidh feidhmíocht a thomhas agus le haghaidh torthaí a mheas.
Sa dóigh chéanna, d’áirithíomar go bhfuil ár bhfoireann agus daoine nach iad oilte agus go dtacaíonn ár gcórais mhaoirseoireachta leis an bhfócas sin ar thorthaí.
Ag obair le comhpháirtithe ar leibhéal tíre
Tá an cur chuige sin, arna chur chun feidhme i dtíortha comhpháirtíochta, leagtha amach inár Results-based Management Approach to Country Strategy Papers.
Ag obair le comhpháirtithe iltaobhacha
Oibrímid go príomha trí struchtúir rialachais comhlachtaí agus líonraí idirnáisiúnta ábhartha d’fhonn an chaoi a bhaintear torthaí amach trí chúnamh iltaobhach a fheabhsú.
Anuas air sin, oibrímid go dlúth leis na tíortha comhpháirtíochta agus leis na líonraí deontóra a leanas:
- Coiste um Chúnamh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta
- an Líonra um Measúnú ar Fheidhmíocht Eagraíochta Iltaobhaí (MOPAN)
- Grúpa Rubens, a fhéachann ar thorthaí Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine (OHCHR)
- Grúpa Utstein, a fhéachann ar obair na Náisiún Aontaithe a fheabhsú, lena n-áirítear athchóirithe na Náisiún Aontaithe i gcoitinne.
Tugtar anailís chuimsitheach i leagan 2012 den Tuarascáil Bhliantúil maidir le Cúnamh Iltaobhach ar na treochtaí is déanaí i maoiniú ó bhaill na Stiúrthóireachta um Chomhoibriú Forbartha le haghaidh an chórais iltaobhaigh.
Ag obair lenár gcomhpháirtithe ón tsochaí shibhialta
Táimid ag obair go dlúth freisin lenár gcomhpháirtithe sochaí sibhialta chun an fócas ar éifeachtacht forbartha agus ar thorthaí a neartú. Tá gach maoiniú a thugtar d'eagraíochtaí sochaí sibhialta bunaithe ar shraith torthaí comhaontaithe a thuairiscítear go bliantúil.
Léigh tullieadh
Foghlaim faoi na torthaí atá bainte amach againn sna príomh-thíortha comhpháirtíochta atá againn.