Skip to main content

Seolann an tAire Aonad Soghluaiste Scileanna Máinliachta

Oideachas, Sláinte, Nuacht/gné-alt, An Tansáin, 2014

Sheol an tAire Trádála agus Forbartha, Joe Costello, TD, Aonad Soghluaiste Scileanna Máinliachta inniu, le hoiliúint mháinliachta a sholáthar d’ospidéil ar fud Chéinia, Uganda, an Bhurúin, Ruanda agus an Tansáin.

Ag labhairt dó ag an seoladh i gColáiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn (RCSI), dúirt an tAire Costello:

“Is sampla atá sa tionscadal nuálach seo d’iarrachtaí an Rialtais leas a bhaint as scileanna shaineolaithe agus institiúidí sláinte na hÉireann le feabhas a chur ar rochtain ar sheirbhísí sláinte riachtanacha ar ardchaighdeán.

“Tá taithí phearsanta againn i gCúnamh Éireann ar luach na gcomhpháirtíochtaí institiúideacha sa tsláinte.  Táimid bródúil as clár comhoibrithe Choláiste Ríoga na Máinlianna in Éirinn le COSECSA, Coláiste na Máinlianna d’Oirthear, Lár agus Deisceart na hAfraice.

“Bhain 102 sain-mháinlia céim agus comhaltacht amach ó COSECSA ó tugadh faoi na chéad scrúduithe sa bhliain 2004. Ó Mhárta na bliana seo tá 209 máinlia faoi oiliúint ag COSECSA i 33 suíomh oiliúna.

“Cuideoidh an t-aonad soghluaiste go mór le feabhas a chur ar chaighdeán seirbhísí sláinte agus rochtain ar na seirbhísí sin do phobail Oirthear na hAfraice”.

Agus é ag díriú ar na buntáistí a bhaineann le hoiliúint mháinliachta, dúirt an tAire Costello:

“Meastar gur coinníollacha a bhfuiltear in ann freastal orthu tríd an mháinliacht is cúis le 11% den ualach domhanda galar. Dá bhrí sin, tá idirghabhálacha máinliachta ríthábhachtach d'othair aonair agus mar idirghabháil lárnach le feabhas a chur ar thorthaí sláinte i roinnt de na tíortha is boichte ar domhan.

“Cuidíonn Éire le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le tabhairt faoin nganntanas suntasach atá sa réigiún ó thaobh oibrithe sláinte a bhfuil scileanna máinliachta acu."

CRÍOCH

Preasoifig10 Iúil 2014

Nótaí don Eagarthóir:

• Tá maoiniú déanta ag Cúnamh Éireann ar an gclár comhoibrithe ón mbliain 2008 agus tá thart ar  €2.2 milliún curtha ar fáil go dtí seo.

• Rinne an tacaíocht seo éascú ar an ranníocaíocht de €1.9 milliún breise de ranníocaíocht measta comhchineáil ón RCSI.

• Tá an tAonad Soghluaiste Scileanna Máinliachta feistithe le teicneolaíocht d'oiliúint mháinliachta ar nós ionsamhlóirí Réaltachta Fíorúla.

• Tá sé in ann cóiríocht a chur ar fáil do dheichniúr oiliúnaí máinliachta ag aon am amháin agus déanfaidh sé seachadadh ar oiliúint mháinliachta ar ardchaighdeán.

• Is cuid é an tionscnamh de thionscnamh comhpháirtíochta dea-bhunaithe idir an RCSI, Cúnamh Éireann agus Coláiste na Máinlianna d’Oirthear, Lár agus Deisceart na hAfraice (COSECSA). 

• Tá an RCSI agus COSECSA ag obair le chéile ar chlár comhoibrithe ón mbliain 2007.

• Áirítear ar chomhghníomhaíochtaí raon cúrsaí oiliúna, pleanáil straitéiseach, ríomhfhoghlaim, airgeadas, riarachán agus forbairt acmhainní.

• Leanann an tsamhail oiliúna atá ag COSECSA do chomhaltas agus do cháilíochtaí comhaltachta an tsamhail printíseachta traidisiúnta d’oiliúint mháinliachta le hoiliúnaithe ag obair in ionaid chreidiúnaithe faoi threoir shain-mháinlia.